Na canúintí

Report
Canúintí
Réamhobair 1
Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí
Gaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh na ceisteanna seo
leis an duine in aice leat:
1. Cad is brí le canúint? Cén difríocht atá
idir canúint agus blas?
2. Cad iad canúintí na Gaeilge?
3. Cad atá i gceist leis an gCaighdeán
Oifigiúil?
4. Cén fáth a bhfuil an Caighdeán Oifigiúil
ann?
Canúintí
Réamhobair 2
(a) Conas a deirtear na rudaí seo i do chanúint áitiúil? An
féidir leat iad a rá in aon slí eile?
boy, girl, children, grandmother, grandfather, table,
also, terrible, easy, old, sick, painful
(b) Conas a déarfá ‘How are you?’ agus ‘Where are you
from?’ sna trí mhórchanúint? Cuir na freagraí sna
colúin chuí.
Canúint na
Mumhan
Canúint
Chonnacht
Canúint
Uladh
(c) Tá ciall difriúil ag an bhfocal ‘láithreach’ i gcanúint na
Mumhan ná mar atá i gcanúint Chonnacht agus Uladh.
Cad is brí leis i gcanúint na Mumhan? Agus sa dá
chanúint eile? An samhlaíonn tú go gcothódh an
difríocht sin míthuiscintí ar bith? Smaoinigh ar
chomhthéacs ina gcothófaí míthuiscint.
Canúintí
Éisteacht
Éist le Cormac Ó Comhraí ó Scoil Chuimsitheach
Chiaráin ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus a
dtuiscint ar na canúintí agus freagair na ceisteanna
seo:
1. Cathain is mó a chloiseann daltaí Gaeltachta
canúintí eile, dar le Cormac?
2. Cad é an saghas Gaeilge is mó a chloiseann
daltaí taobh amuigh dá gcanúint féin, dar le
Cormac?
3. Cén fáth a bhfuil sé deacair stór focal ó chanúintí
eile a thabhairt do na daltaí?
4. Cé a bhíonn ‘ag brú’ rudaí ar na daltaí, dar leo
féin?
Canúintí
Iarobair 1
Do chanúint féin
(a) Deir Cormac go bhfuil ‘muintir na Gaeltachta
uafásach bródúil as a gcanúint féin’. Liostáil na
príomhthréithe a bhaineann le do chanúint féin
agus cúpla focal/nath cainte atá bainteach léi a
ritheann leat.
(b) Cad iad na tréithe, a bhaineann le do
chanúint áitiúil, is mó a chothaíonn deacrachtaí
d’fhoghlaimeoirí nó do chainteoirí eile Gaeilge?
Canúintí
Iarobair 2
(a) Bíonn difríochtaí sa bhéim a leagtar ar fhocail ilsiollacha sna canúintí.
Bíonn an bhéim ar shiolla amháin i gCanúint na Mumhan agus ar shiolla
eile i gCanúint Chonnacht agus Uladh e.g. buidéal (M) agus buidéal
(C&U).
Cuir an bhéim san áit cheart ar na focail seo:
bainisteoir (M)
drámaíocht (M)
ealaín (M)
íoslódáil (M)
bainisteoir (C&U)
drámaíocht (C&U)
ealaín (C&U)
íoslódáil (C&U)
(b) Déanann cainteoirí dúchais earráidí sa litriú uaireanta ag brath ar an
gcanúint atá acu. Mar shampla, uaireanta bíonn mearbhall ar mhuintir
Uladh agus litríonn siad an focal CORCAIGH mar seo: CORCAÍ. An chúis
atá leis sin ná gur mar sin a fhuaimnítear ó thuaidh é. Ní dhéanfadh
cainteoir Muimhneach an earráid áirithe sin mar fuaimnítear an –AIGH
ar shlí dhifriúil. Earráid a dhéanann muintir na Mumhan go minic
ná an focal ARD a litriú mar seo: ÁRD - toisc go bhfuil an A fada go maith
sa bhfuaimniú. Gan trácht ar mhuintir Chonnacht agus an uimhir iolra
atá acu...nó acub!
An féidir leat smaoineamh ar shamplaí eile? Cad iad na hearráidí is mó a
dhéanann tusa sa litriú de bhrí go gcuireann an chanúint beagán ar strae
tú?
Canúintí
Iarobair 3
I gcás na n-abairtí seo ar fad thíos, abair cén chanúint atá
i gceist, canúint Chonnacht, canúint na Mumhan nó
canúint Uladh.
1. Tá mé tinn tuirseach den aimsir seo.
2. N’fheadar faic na ngrást mar gheall air sin.
3. Bíonn sí anseo chuile lá.
4. An bhfuil an t-airgead agat fá choinne an ticéid?
5. Nach bhfuil Máire in éindí leat?
6. An rabhais amuigh aréir?
7. Tá sé sin togha, a mhac!
8. An dtig leat cupán tae a thabhairt domh?
9. Tá mo sciathán nimhneach.
10.Bhíos ag caint le Séamus ó chianaibh.
(b) Athscríobh na habairtí thuas nach mbaineann le do
chanúint féin i do chanúint féin.
Canúintí
Iarphlé 4
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat.
1.
Cad atá i gceist le ‘Gaeilge na Leabhar’?
2.
An mbíonn sé níos deacra duitse rudaí áirithe a
léamh as Gaeilge seachas as Béarla? Cén cineál rudaí
agus cén fáth, meas tú?
3.
Cad atá i gceist ag Cormac nuair a deir sé:
‘breathnaíonn roinnt [daltaí] air mar ghéilleadh don
rud atá á bhrú orthu ón taobh amuigh ó dhaoine
nach labhraíonn Gaeilge ar bhealach nádúrtha’
4.
Cad a tharlaíonn nuair a chaitear focal nua a
chumadh do rud éigin as Gaeilge (má thagann rud
éigin nua ar an saol e.g. an t-idirlíon, fón póca, fón
cliste etc.)? Cén próiseas atá ann chun focal nua a
chumadh?
Canúintí
Iarphlé 5
Ábhar machnaimh
Caitheann cainteoirí dúchais Gaeilge go leor scileanna a bheith acu –
eolas an-mhaith ar a gcanúint féin, eolas réasúnta ar chanúintí
eile agus eolas an-mhaith ar an gcaighdeán (go háirithe tar éis
na scoile agus iad ag obair trí mheán na Gaeilge).
Ach tá na scileanna sin acu sa Bhéarla chomh maith a bhuíochas do
na meáin chumarsáide mar, féach, nach bhfuil na canúintí Béarla
seo an-difriúil óna chéile?
1.
2.
3.
Béarla an gheiteo i Nua-Eabhrac
Béarla Bhanríon Shasana
Béarla na tuaithe in Éirinn
Tá tú in ann daoine a thuiscint agus iad ag baint úsáide as na
canúintí éagsúla sin i mBéarla.
Dá mhinice is a chloiseann tú na canúintí eile in úsáid is ea is fearr a
thuigfidh tú iad!

similar documents